Buddenbrooks
Leabhar le Thomas Mann is ea Buddenbrooks - Verfall einer Familie ("Muintir Buddenbrook - an meath a tháinig ar an teaghlach"). Thosaigh Mann ag scríobh Buddenbrooks i 1897, an chéad úrscéal leis. Tháinig Buddenbrooks i gcló i mí Dheireadh Fómhair 1901.
Ní raibh Mann ach dhá bhliain fichead d'aois, nuair a d'fhoilsigh sé Buddenbrooks, arb é scéal an teaghlaigh bhuirgéisigh úd Buddenbrook i Lübeck é.
Foilsíodh an chéad eagrán ina dhá imleabhar, agus ní bhfuair sé mórán fáilte ó na léirmheastóirí. Níor thosaigh siad ag tuiscint fhiúntas an leabhair sular tháinig an dara heagrán amach in aon imleabhar amháin, sa bhliain 1903.
Thabhaigh an t-úrscéal an-cháil do Mann, agus bhí muintir Lübeck ag ráflaíocht eatarthu faoi na bunchuspaí a bhí ag pearsana an úrscéil, mar a chonacthas dóibhsean.
B'é an t-úrscéal seo, go bunúsach, ba chúis leis go bhfuair an scríbhneoir Duais Nobel na Litríochta sa bhliain 1929.