Orhan Pamuk
Úrscéalaí Turcach is ea Ferit Orhan Pamuk (a rugadh ar 7 Meitheamh, 1952 in Iostanbúl, an Tuirc). Cleachtann sé stíl insinte iarnua-aoiseach ina chuid scríbhinní, agus cuireadh níos mó ná dhá scór teanga ar leabhair dá chuid.
Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Pamuk ar 12 Deireadh Fómhair 2006, agus b'é an chéad duaiseoir Turcach é riamh.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saolaíodh do lánúin réasúnta saibhir é, agus chuaigh sé ar scoil Mheiriceánach in Iostanbúl, Coláiste Robert. Theastaigh óna mhuintir go rachadh sé le hinnealtóireacht nó le hailtireacht, agus chaith sé trí bliana ag staidéar ailtireachta in Ollscoil Teicneolaíochta Iostanbúl, ach níor thaitin an tslí bheatha leis, agus d'éirigh sé as an ollscoil sula raibh céim bainte amach aige. Ansin, chuaigh sé ag foghlaim iriseoireachta in Ollscoil Iostanbúl, agus an iarracht sin, níor fhág sé an cúrsa léinn gan chríochnú. Sna hochtóidí, chaith sé roinnt blianta ag léachtóireacht i Meiriceá, in Ollscoil Columbia agus Ollscoil Iowa.
Bhí sé pósta ar Aylin Türegün ón mbliain 1982 ar aghaidh, ach má bhí féin, fuair an lánúin colscaradh sa bhliain 2001. Saolaíodh iníon amháin dóibh, Rüya ("Brionglóid" - nó "Aisling"). Tá deartháir ag an scríbhneoir, Şevket Pamuk, atá ina staraí aithnidiúil, agus é ag léachtóireacht in Ollscoil Boğaziçi, an ollscoil is airde meas sa Tuirc.
Chuaigh Orhan Pamuk i mbun pinn sa bhliain 1974. An chéad úrscéal a scríobh sé, Karanlık ve Işık ("Dorchadas agus Solas"), bhuaigh sé Comórtas Úrscéalaíochta Cló Milliyet sa bhliain 1979, cé gurbh éigean dó an duais a roinnt le scríbhneoir eile. Foilsíodh an t-úrscéal sa bhliain 1982 faoin teideal Cevdet Bey ve Oğulları ("An tUasal Cevdet agus a Chlann Mhac"), agus i ndiaidh a fhoilsithe, thabhaigh sé duais eile fós don scríbhneoir. Ach, le fírinne, níor scríobh sé leabhar sna hochtóidí gan duais éigin a bhaint amach, agus bhí ag éirí leis chomh gleoite is gur cuireadh sonrú ann sa choigríoch féin.
I dtús a chaithréime, b'fhearr leis cur síos nádúraíoch a thabhairt ar an saol. De réir a chéile, áfach, thosaigh sé ag baint úsáid as teicnící iarnua-aoiseacha, agus é ag éirí níos muiníní as féin mar scríbhneoir. Cé go raibh ardmheas na gcriticeoirí air, thóg sé beagáinín níos mó ama air súil an lucht léitheoireachta a tharraingt air féin. An t-úrscéal a d'fhoilsigh sé i dtús na nóchaidí, áfach, Kara Kitap ("An Leabhar Dubh"), bhí sé i mbéal an phobail ar fud na Tuirce, chomh casta, chomh saibhir agus a bhí sé, mar lón léitheoireachta. Sa bhliain 1992, scannánaigh duine de stiúrthóirí móra na Tuirce, Ömer Kavur, é faoin teideal Gizli Yüz ("An Aghaidh Cheilte").