Jump to content

Mike Jackson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSir Cuir in eagar ar Wikidata
Mike Jackson

(2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Márta 1944
Sheffield, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Deireadh Fómhair 2024
80 bliana d'aois
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse phróstataigh)
Ceann na Ceannfhoirne (An Ríocht Aontaithe)
2003 – 2006
← Michael Walker, Baron Walker of Aldringham (en) AistrighRichard Dannatt, Baron Dannatt (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Birmingham - Russian studies (en) Aistrigh
Staff College, Camberley (en) Aistrigh
Royal Military Academy Sandhurst (en) Aistrigh
Stamford School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmoifigeach míleata, dírbheathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1963 –  2006
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
GéillsineAn Ríocht Aontaithe
Brainse míleataArm na Breataine
Céim mhíleataginearál
oifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtNa Trioblóidí, na Cogaí Iúgslavacha agus Cogadh na Cosaive
Gradam a fuarthas

IMDB: nm2859152 Cuir in eagar ar Wikidata

Iaroifigeach i reisimint pharaisiút Arm na Breataine ba ea an Ginearál Sir Michael David Jackson, GCB, CBE, DSO, DL (21 Márta 194415 Deireadh Fómhair 2024), nó Mike Jackson, Bhí Mike Jackson i láthair sléachta sa Tuaisceart le linn na dTrioblóidí. Níor tugadh Mike Jackson riamh os comhair cúirte faoin uafás.[1]

Jackson in 2008; thóg sé amach a dhírbheathaisnéis, Soldier, in 2008.

Sléacht Bhaile Uí Mhurchú

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Jackson ar chlé, san Astráil, 2011

Lámhach agus mharaigh saighdiúirí ón reisimint pharaisiút deichniúr i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste idir 9-11 Lúnasa 1971, máthair ochtair agus sagart ina measc. Gortaíodh na dosaein eile. Captaen sa reisimint pharaisiút ab ea Mike Jackson ag an am, ar dualgas i mBaile Uí Mhurchú ag an am.[2]

San fhianaise a thug Jackson ag an gcoiste cróinéara, dúirt sé go mb'fhéidir gur thug sé le fios do nuachtóirí sna laethanta i ndiaidh an áir go raibh baill den IRA i measc na ndaoine a bhí lámhachta ag na saighdiúirí. Ach chinn cróinéir in 2020 go raibh an deichniúr "iomlán neamhchiontach", mar ba léir do chách ón tús.[3]

Domhnach na Fola 1972

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Mike Jackson ar dualgas i nDoire nuair a lámhach agus a mharaigh saighdiúirí ón reisimint sin trí dhuine dhéag, ógánaigh a bhformhór. Lámhachadh agus gortaíodh na scórtha eile an lá sin chomh maith (agus fuair duine acu bás cúpla mí ina dhiaidh sin).

Labhair Jackson leis na paratrúipéirí a rinne an marú tar éis dóibh a ngunnaí a chur i leataobh agus mhaígh sé go raibh na saighdiúirí ag scaoileadh ar ais le baill den IRA a bhí ag scaoileadh leosan, scéal nach raibh fírinne dá laghad ann.[3]

Thug Jackson le fios in 2007 go ndúirt Frank Kitson gur chóra don Choirnéal Derek Wilford – an t-oifigeach a bhí i gceannas na saighdiúirí an lá sin – gur chóra dó "an obair a chríochnú".

Chinn Binse Fiosrúcháin Saviile in 2010 go raibh bréaga inste ag na saighdiúirí agus nach raibh aon duine de na mairbh armtha nuair a lámhachadh iad, mar ba léir don saol riamh.[3]

Ardú céime i ndiaidh ardú céime a fuair Mike Jackson ó Dhomhnach na Fola i leith agus bhain sé buaic amach nuair a ceapadh é ina cheann foirne ar Arm na Breataine in 2003.[3] Ansin tharraing sé conspóid san Iaráic sna 2000idí, agus Cogadh na hIaráice faoi lánseol.

Foilsíodh a dhírbheathaisnéis, Soldier, in 2008.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Bloody Sunday families ‘regret’ that General Sir Mike Jackson ‘will not be held to account’" (en). The Irish News (2024-10-16). Dáta rochtana: 2024-10-16.
  2. Conor Macauley / RTÉ News (2024-10-16). "Bloody Sunday families 'will not grieve' Jackson's death" (as en). 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Nuacht RTÉ (2024-10-16). "Ginearál a bhí ar dualgas Domhnach na Fola tar éis bháis" (as ga-IE).