Martin Bormann
Bhí Martin Bormann (17 Meitheamh 1900 – 2 Bealtaine 1945) i gceannas ar Bhiúró an Pháirtí Naitsíoch.
Seo sliocht as comhrá idir Hitler agus Martin Bormann, ar 21 Bealtaine 1942. Tá Hitler ag cuimhneamh siar ar na heachtraí a tharla sular ceapadh ina Sheansailéir é ar an 30 Eanáir 1933.
Bhí ardteannas polaitiúla ann nuair a dhiúltaigh mé glacadh leis an Leas-Seansailéireacht i gcomh-aireacht von Papen i Lúnasa 1932 agus nuair a rinne Schleicher agus Strasser iarracht an aontacht láidir a bhí sa Pháirtí Naitsíoch a scoilteadh i Mí na Nollag 1932. Rinne an tUachtarán Hindenburg, trí idirghabhálaí von Papen teagmháil liom. Ghlac mé páirt sna hidirbheartaíochtaí seo mar shíl mé go raibh sé ríthábhachtach go rachainn i mbun na Seansailéireachta go dlisteanach. Is mar Sheansailéir a bheadh tofa go dlisteanach amháin a thiocfadh liom na páirtithe polaitiúla uilig eile a bhí ag cur i mo choinne a chloí agus coimhlint ar bith leis an Arm sa todhchaí a sheachaint[1].
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hugh Trevor Roper a chuir in eagar. "Hitler’s Table Talk 1941-1944" Phoenix Press (2002).