Innti
Cineál | iris liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 1970 |
Tréith | |
Príomhábhar | filíocht Éirinneach |
Eagarthóir | Michael Davitt |
Iris filíochta Gaeilge ab ea Innti, ina raibh véarsaíocht, aistí critice, léirmheasanna agus ealaín fhísiúil.
Gluaiseacht liteartha a bhí ann chomh maith, agus is iad Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, Michael Davitt, Gabriel Rosenstock is mó a shamhlaítear léi. Bhí baint ag Louis de Paor leis an iris tar éis a hathbheoite.
Déantar tagairt dóibh go minic mar an grúpa Innti, a raibh an tiomantas céanna acu d'athnuachan fhilíocht na Gaeilge ó fhoinsí éagsúla cultúir sna 1960idí agus 1970idí.
Gluaiseacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Díreach ar nós Sheáin Uí Ríordáin rompu, bhí filí Innti ag iarraidh talamh nua a bhriseadh. Bhí dúil acu i bhfilí beat Meiriceánacha mar Jack Kerouac agus Allen Ginsberg agus fiú amháin in amhránaithe mar Bob Dylan. Theastaigh uathu an fhilíocht a thabhairt amach as an leabharlann agus an seomra plúchta léachta. Ba mhinic iad ag léamh a gcuid dánta ag ócáidí poiblí agus slua mór daoine i láthair, slua chomh mór le 1000 duine ag ceann amháin acu.[1]
Iris
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mic léinn ó UCC a bhunaigh an iris Innti i Márta 1970 mar mhórbhileog filíochta, agus d'athbhunaigh Michael Davitt é mar iris sa bhliain 1980, ar dhuine de na comhbhunaitheoirí bunaidh a bhí ann.
Chabhraigh an iris le haird an phobail a tharraingt ar obair scata filí óga a raibh baint acu leis an ollscoil.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ cogg.ie / Antain Mac Lochlainn, Siuán Ní Mhaonaigh (2019). "Dúchas / Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1)". Dáta rochtana: 2024.