Alison Krauss
(2007) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 23 Iúil 1971 53 bliana d'aois Decatur, Illinois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Champaign Central High School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, fidléir, seinnteoir maindilín |
Tréimhse oibre | 1984 – |
Ball de | |
Seánra | Ceol tuaithe |
Teangacha | Béarla |
Cineál gutha | Soprán |
Uirlis | Veidhlín, fidil agus ceol gutha |
Lipéad ceoil | Rounder Records |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | alisonkrauss.com |
Is amhránaí, cumadóir agus veidhleadóir Meiriceánach í Alison Maria Krauss. Rugadh ar an 23 Iúil 1971 i nDecatur, Illinois í, ach tógadh í i gcathair Champaign, Illinois.
Thosaigh Alison Krauss ag seinnt ar an veidhlín nuair a bhí sí cúig bliana d'aois. Ghlac sí páirt i gcomórtais éagsúla agus go leor féilte cheoil nuair a bhí sí ina déagóir. Bhuail sí ag an am lena daoine ón grúpa Union Station ar na féilte sin agus thosaigh siad ag casadh ceoil ar nós bluegrass agus ceol tuaithe le chéile.
Thosaigh Alison Krauss ag obair ar cheol scannáin sa bhliain 1992 agus ghlac sí páirt i go leor scannán, m.sh. Twister (1996), O Brother, Where Art Thou? (2000) agus Cold Mountain sa bhliain 2003. Chasadh sí ar feadh na mblianta le go leor ceoltóirí eile, mar shampla Shania Twain, Sting, Elvis Costello agus The Chieftains.
D'eisigh sí an t-albam fíor-rathúil Raising Sand in éineacht le Robert Plant (Led Zeppelin) agus T-Bone Burnett mar léiritheoir sa bhliain 2007.
Bhí Alison Krauss pósta le Pat Bergeson idir 1997 agus 2001 agus tá mac amháin acu.
Tá neart duaiseanna éagsúla buaite aici, ina measc 27 gradam ceoil Grammy agus is í Alison Krauss an bhean a bhuaigh an gradam seo is minice.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Different Strokes (1985)
- Too Late to Cry (1987)
- Two Highways (1989)
- I've Got That Old Feeling (1990)
- Every Time You Say Goodbye (1992)
- I Know Who Holds Tomorrow (in éineacht leis an Cox Family) (1994)
- Now That I've Found You: A Collection (1995)
- So Long So Wrong (1997)
- Forget About It (1999)
- New Favorite (2001)
- Live (2002)
- Lonely Runs Both Ways (2004)
- Raising Sand, in éineacht le Robert Plant (2007)
- Essential Alison Krauss (2009)
- Paper Airplane, in éineacht leis an ngrúpa Union Station (2011)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Alisonkrauss.com Curtha i gcartlann 2012-10-08 ar an Wayback Machine
- Allmusic.com/alison-krauss
- IMDB.com/alison-krauss
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |