Alex Salmond
Ceannaire na Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba, agus an páirtí "Alba" níos déanaí, ab ea Alexander[1] Elliot Anderson Salmond (a rugadh ar an 31 Nollaig 1954 agus a d'éag ar an 12 Deireadh Fómhair 2024).
Bhí sé ina chéad-aire idir 2007 agus 2014. Agus Reifreann 2014 ar Neamhspleáchas na hAlban caillte aige, d’éirigh Salmond as an lá arna mhárach, an 19 Samhain 2014. Dúirt sé ag an am nár shamhlaigh sé go mbeadh trácht ar vóta eile dá chineál go ceann glúine ar a laghad.[2] Tháinig Nicola Sturgeon i gcomharbacht ar Salmond mar cheannaire agus mar chéad-aire in 2014.[3]
Fuarthas Salmond neamhchiontach sa bhliain 2020 i dtriail inar cuireadh ionsaí gnéis ina leith.[4] Cé go bhfuarthas neamhchiontach sa deireadh é, mheas Salmond gur thréig Nicola Sturgeon agus an SNP é.
Bhunaigh sé páirtí nua, Alba, sa bhliain 2021, ar son neamhspleáchas na hAlban.[5]
Bhuail taom croí é ar an 12 Deireadh Fómhair 2024
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Ailig
- ↑ "Ceist neamhspleáchas na hAlban i lár an aonaigh cúig bliana ar aghaidh…" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-09-18). Dáta rochtana: 2024-10-13.
- ↑ "Nicola Sturgeon ag éirí as mar Chéad-Aire Pharlaimint na hAlban" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-02-15). Dáta rochtana: 2024-10-13.
- ↑ "Páirtí nua le hainm Gaeilge bunaithe ag Alex Salmond in Albain" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-03-26). Dáta rochtana: 2024-10-13.
- ↑ "Alba Party" (as en) (2024-10-12). Wikipedia.