Jump to content

An Chros

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Chros
an Chros
an Chros
Ainm Laidine (IAU)Crux
NodCru
Ginideach LaidineCrucis
SiombalaíochtCros an Deiscirt
Dronairde12 h
Diallas−60°
Achar68 céim cearnach
Céim 88ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
4
Réalta is gileBecrux (β Cru)
(méid 1.25)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +20° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Bealtaine an infheictheacht is fearr
Acrux (α Cru) ar méid comhtháite 0.87, ach is déréalta í a bhfuil a dhá chomhbhall ar méid 1.3 agus 1.8 faoi seach

an Chros, dá ngairtear go coitianta Cros an Deiscirtan Chros Theas, ar an gceann is lú de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha (i gcontrárthacht le Cros an Tuaiscirt), ach tá sí ar cheann de na réaltbhuíonta is cáiliúla freisin. Is é Crux, nó Crux Australis, a thugtar mar ainm Laidine uirthi, rud a chiallaíonn cros, nó cros an deiscirt. Tá réaltbhuíon an Cheinteáir ar thrí thaobh di agus réaltbhuíon na Cuileoige ar an taobh theas di.

In aghaidh bharúil choitianta na ndaoine, ní os comhair an Bhéir Mhóir atá an Chros. Sa teochrios, áfach, bíonn an dá chuid le chéile le feiceáil sa spéir ag an am céanna i rith mhí Aibreáin is mhí an Mheithimh - an Chros thíos ó dheas agus an Béar Mór thíos ó thuaidh. Is amhlaidh go bhfuil an Chros díreach os comhair Chaiseoipé, agus mar sin de ní féidir an dá chuid le chéile a fheiceáil sa spéir ag an am céanna. Tá an Chros timpholach i leithead 34&deg ó dheas agus in áiteanna atá níos faide ó dheas ná sin - is é sin le rá, ní théann sí faoi choíche.

Ós rud é go bhfuil réalta theas shoiléir in easnamh ar an leathsféar neamhaí theas (is í Sigma Octantis an réalt is gaire don phol, ach tá sí siúd chomh doiléir sin nach mbíonn aon mhaith inti mar réalta theas), baintear úsáid go coitianta as dhá réalta de chuid na Croise (Alfa agus Gamma, dá ngairtear Acrux agus Gacrux faoi seach) chun an pol neamhaí theas a aimsiú. Ag leanúint den líne idir an dá réalta sin, má chuirtear a fad faoi 4.5 léi bainfear amach an Pol Neamhaí Theas, nó pointe i ngar dó. De rogha air sin, má tharraingítear líne go hingearach idir α Centauri (Toliman nó Rigel Kent) agus β Centauri (Agena), taispeánfaidh an pointe mar a dtrasnóidh an líne seo agus an líne luaite san alt roimhe seo an Pol Neamhaí Theas.

Má bhaintear úsáid as an gCros chun an Pol Neamhaí Theas a aimsiú, bítear cúramach gan an astaireacht dá ngairtear an Chros Bhréige a thógáil in abhraíocht na Croise.


Príomhghnéithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réada suntasacha domhainspéire

[cuir in eagar | athraigh foinse]


De bharr luainíocht na gcónocht, bhíodh réaltaí na Croise infheicthe ón gceantar Meánmhuirí i rith an tSeansaoil; agus mar sin de bhí eolas ag na réalteolaithe Sean-Ghréagacha ar na réaltaí siúd. Ní aithnítí, áfach, mar réaltbhuíon ina ceart féin í, ach mar roinn an Cheinteáir.

Cuirtear ceapadh na Croise mar réaltbhuíon aonair i leith an réalteolaí Fhrancaigh Augustin Royer, sa bhliain 1679; ach d'aithnítí mar chros í i bhfad roimhe sin.

Tá na cúig réalta is gile de chuid na Croise (α, β, γ, δ agus ε Crucis) le feiceáil ar bhratacha na hAstráile, na Brasaíle, Nua-Ghuine Phapua agus Shamó, chomh maith le Ceantar Magallanes na Sile. Tá siad le feiceáil chomh maith ar roinnt de bhratacha na státaí is dúichí Astrálacha: is iad sin Victoria, Críoch Phríomhchathair na hAstráile agus Críoch an Tuaiscirt. Tá na ceithre réalta is gile (gan epsilon a chur san áireamh) le feiceáil ar bhratach na Nua-Shéalainne agus ar bhratach Mercosur (crios trádála i Meiriceá Theas). Tá an Chros le feiceáil chomh maith ar armas na Brasaíle. Tá leagan stílithe na Croise ar Bhratach Eureka a ceapadh mar gheall ar éirí amach san Astráil sa bhliain 1854.

Naisc le hábhar eile a bhaineann leis an gCros

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir