Elie Wiesel
scríbhneoir, ollamh, gníomhaí ar son cearta an duine
Scríbhneoir, ollamh, gníomhaí ar son cearta an duine, duine d'fhuíoll an Uileloscaidh, agus duaiseoir Nobel ab ea Eliezer "Elie" Wiesel KBE (30 Meán Fómhair 1928 – 2 Iúil 2016). Rugadh sa Rómáin é. Bhí saoránacht Mheiriceánach aige. Scríobh sé 57 leabhar i bhFraincis agus i mBéarla. Bronnadh Nobel na Síochána air sa bhliain 1986.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |